Jump to content

Cathy Jordan

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
Infotaula de personaCathy Jordan
Image
(2014) Cuir in eagar ar Wikidata
Beathaisnéis
Breith1972
53/54 bliana d'aois
Gníomhaíocht
Gairmamhránaí, cumadóir amhrán Cuir in eagar ar Wikidata
Ball de
UirlisCeol gutha


Musicbrainz: 9be7077a-bbee-43c9-b909-77f7bb24dbf2 Discogs: 922234 Cuir in eagar ar Wikidata

Is amhránaí leis an mbanna traidisiúnta Dervish í Cathy Jordan, arb as Ros Comáin ó dhúchas di. D’fhoghlaim sí dá stuaim féin leis an ngiotár a sheinm agus seinneann sí an basúcaí, an bodhrán agus na cnámha go sármhaith freisin.[1]

Image
2003
Image
Eurofís Helsinki 2007 "They can't stop the spring"[2]
Image
Lorient 2014
Image
2016

Bhí a tuismitheoirí agus a muintir go léir tugtha don amhránaíocht agus don cheol nuair a bhí sí óg agus bhíodh an-mhórán seancheirníní sa teach, idir cheol traidisiúnta agus cheol tíre as Meiriceá. Bhí Cathy ag drandan ceoil an-luath sa saol, go fiú sula raibh sí in ann siúl, de réir an méid a d’inis a máthair di ina dhiaidh sin. Chuaigh sí isteach sa chór, i gceoldrámaí, nó in aon áit a mb’fhéidir léi teannadh leis an cheol.[1]

Ina príomhamhránaí di le Dervish, tá an banna stiúrtha aici trí na mílte ceolchoirm sna céadta cathair ar fud suas le 40 tír. Ar 14 albam déag de chuid an bhanna, chomh maith le taifeadadh a dhéanamh aisti féin agus le comhghleacaithe eile, bhí ról ríthábhachtach aici sa rath atá ar an mbanna. Ar na ceolchoirmeacha ba shuntasaí, bhí ceann ar Bhalla Mór na Síne agus ceann ag Rock in Rio, an fhéile rac-cheoil is mó ar domhan, os comhair 250,000 duine.

Tá cumas déanta amhrán in Cathy chomh maith, agus shaothraigh sí in éineacht le Brendan Graham, an té a chum You Raise Me Up, ceann de na hamhráin is fearr ar éirigh leis sa 20ú haois. Chomh maith le Dervish, tá sí sna bannaí Plúirín na mBan agus The Unwanted, a chíorann an ceangal ceoil idir Éirinn agus Meiriceá.

Tháinig albam dá cuid féin The Crankie Island Song Project[3] amach in 2024 agus is saothar mór comharoibre atá ann le líon is mó ná 70 ceoltóir agus oirfideach, léiriú ar a thugtha atá sí do lucht cheol traidisiúnta na hÉireann.

Chomh maith le coirmeacha ceoil, cuireann Cathy cultúr na hÉireann chun cinn i mbun craoltóireachta. Tá sí ón mbliain 2014 i leith ina láithreoir ar Fleadh TV le TG4. Feictear go fairsing gur ambasadóir í maidir le ceol na hÉireann, is iomaí seanamhrán traidisiúnta ar chuidigh sí lena gcur ar shlí a sábhála.

Cúitíodh a dúthracht léi le gradaim mór le rá, ina measc an BBC Lifetime Achievement Award (2019), Ambasadóir Cultúir Shligigh (2018), Gradam Annie McNulty (2014), agus Saoirse Chathair Shligigh (2010). Amhránaí na Bliana 2025 í ag TG4.

Is cuimhin le roinnt d’éisteoirí RnaG an dóigh a raibh Cathy in ann gáire le Rónán Mac Aodha Bhuí ar a chlár go gairid i ndiaidh na hEoraifíse i Helsinki.[1]

Féach freisin

[cuir in eagar | athraigh foinse]
  1. 1 2 3 Seosamh Mac Muirí (EAGRÁN 94 · FEABHRA 2009). "[http://www.beo.ie/alt-cathy-jordan.aspx Cathy Jordan - AGALLAMH BEO]" (ga). Beo!. Dáta rochtana: 2026-07-26.
  2. ↑ Eurovision Song Contest (2016-09-19). "Dervish - They Can't Stop The Spring (LIVE) | Ireland 🇮🇪 | Grand Final | Eurovision 2007".
  3. ↑ "Music | Crankie Island Songs" (en). Crankie Island. Dáta rochtana: 2026-07-26.