Shinya Yamanaka

Is taighdeoir gascheall Seapánach é Shinya Yamanaka (山中伸弥, Yamanaka Shin'ya, a rugadh 4 Meán Fómhair, 1962), a bhuaigh Duais Nobel.[2][3][4] Feidhmíonn sé mar stiúrthóir ar an Lárionad um Thaighde agus Feidhmiú GSi (gaschill spreagtha ilchumasach) agus ina ollamh san Institiúid um Eolaíochtaí Leighis ar thús cadhnaíochta in Ollscoil Kyoto;[5] mar imscrúdaitheoir sinsearach ag na hInstitiúidí Gladstone atá cleamhnaithe le UCSF i San Francisco, California; agus mar ollamh anatamaíochta in Ollscoil California, San Francisco (UCSF). Is iaruachtarán é Yamanaka freisin ar an gCumann Idirnáisiúnta um Thaighde Gascheall (ISSCR).
Fuair sé an 2010 BBVA Foundation Frontiers of Knowledge Award sa chatagóir bithleighis, Duais Wolf 2011 sa Leigheas le Rudolf Jaenisch,[6] agus Millennium Technology Prize 2012 in éineacht le Linus Torvalds. Sa bhliain 2012, bronnadh Duais Nobel na Fiseolaíochta nó an Leighis air féin agus ar John Gurdon as an bhfionnachtain gur féidir cealla aibí a thiontú go gaschealla.cells]].[7] Sa bhliain 2013, bronnadh an Breakthrough Prize in Life Sciences, ar fiú $3 mhilliún, air as a chuid oibre.
Tagairtí
[cuir in eagar | athraigh foinse]- ↑ Uosaki (2011). "Efficient and Scalable Purification of Cardiomyocytes from Human Embryonic and Induced Pluripotent Stem Cells by VCAM1 Surface Expression". PLOS ONE 6 (8): e23657. doi:. PMID 21876760. Bibcode: 2011PLoSO..623657U.
- ↑ "Induction of Pluripotent Stem Cells from Mouse Embryonic and Adult Fibroblast Cultures by Defined Factors" (2006). Cell 126 (4): 663–76. doi:. PMID 16904174.
- ↑ "Induction of Pluripotent Stem Cells from Adult Human Fibroblasts by Defined Factors" (2007). Cell 131 (5): 861–872. doi:. PMID 18035408.
- ↑ "Generation of germline-competent induced pluripotent stem cells" (2007). Nature 448 (7151): 313–317. doi:. PMID 17554338. Bibcode: 2007Natur.448..313O.
- ↑ "Dept. of Life Science Frontiers Shinya Yamanaka (Director Emeritus & Professor)".
- ↑ “Shinya Yamanaka - Winner of Wolf Prize in Medicine 2011” (2011). Cartlannaíodh an bunleathanach ar December 1, 2020. Dáta rochtana: January 18, 2023.
- ↑ “The Nobel Prize in Physiology or Medicine 2012” (en-US) (October 8, 2012). Dáta rochtana: January 18, 2023.