Jump to content

Uachtarán na Stát Aontaithe

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
Infotaula de càrrec políticUachtarán na Stát Aontaithe
Image Image
seal of the president of the United States (en) Aistrigh Cuir in eagar ar Wikidata bratach Uachtarán na Stát Aontaithe
Image
SealbhóirDonald Trump
ó 20 Eanáir 2025
OnórachMr. President (en) Aistrigh, an tOnórach agus a Oirircis
Cónaithean Teach Bán, Samuel Osgood House (en) Aistrigh, Alexander Macomb House (en) Aistrigh agus President's House (en) Aistrigh
Ceaptha agUnited States Electoral College (en) Aistrigh agus Teach Ionadaithe na Stát Aontaithe
DlínseStáit Aontaithe Mheiriceá
InstitiúidRialtas Feidearálach Stáit Aontaithe Mheiriceá agus Fórsaí Armtha na Stát Aontaithe
StáitStáit Aontaithe Mheiriceá
Sainordú4 bliain agus 4 bliain
Cruthú30 Aibreán 1787
Tuarastal400,000 dollair na Stát Aontaithe
IonadaíLeas-Uachtarán na Stát Aontaithe
Liostaliosta uachtaráin na Stát Aontaithe
Suíomhwhitehouse.gov…

Is é Uachtarán na Stát Aontaithe an t-oifigeach polaitiúil agus feidhmeannach is airde i Stáit Aontaithe Mheiriceá.[1] Is é Ceann Stáit agus ceannaire na bhfórsaí armtha, agus feidhmíonn sé mar cheannaire ar thrí chraobh an rialtais (scaradh cumhachtaí). Is iad[2]

Is é an t-uachtarán agus a chomh-aireacht a choinníonn an tír ag imeacht, ach is é an brainse reachtach a mholann, a phléann, agus a cheadaíonn na dlíthe ar a ritheann an tír.[3]

Toghtar Uachtarán na S-A chuig téarma oifige ceithre bliana. Ó 1951 i leith, ní féidir le huachtarán níos mó ná 2 théarma a chaitheamh sa phost. Go hiondúil ní thugtar dúshlán an té atá in oifig má roghnaíonn sé an dara téarma a lorg.[4][5]

Níl ach ball tofa amháin sa Bhrainse Feidhmiúcháin - an t-uachtarán féin, a thoghtar gach ceithre bliana. Roghnaíonn an t-uachtarán cúigear déag dá chomh-aireacht, ach ní gá do bhaill na comh-aireachta a bheith ina bhFeisirí in aon chor.

Toghtar an t-uachtarán gach ceithre bliana, ach na baill eile ar bhonn scaipthe gach dhá bhliain.[3] De ghnáth, tar éis toghchán lár téarma bíonn páirtí an Uachtaráin cloíte agus ciúin. Bíonn siad ag díriú ar thréimhse beagnach dhá bhliain nuair nach mbíonn sé ar a gcumas aon dul chun cinn a dhéanamh ná aon pholasaí a chur i bhfeidhm.[5]

Is é Donald Trump an t-uachtarán reatha. Toghadh sa bhliain 2024 é agus chuaigh sé i mbun dualgais ar 20 Eanáir 2025[6][7][8].


Féach freisin

[cuir in eagar | athraigh foinse]
  1. "Presidents" (en-US). The White House. Cartlannaíodh an bunleathanach ar 2014-12-01. Dáta rochtana: 2023-02-12.
  2. "Branches of Government | house.gov". www.house.gov. Dáta rochtana: 2023-02-12.
  3. 1 2 Brian Ó Broin (Márta 2006). "Rialtas na Stát Aontaithe - daonlathas, praiticiúlacht agus ollchumhacht" (ga-IE). Beo!. Dáta rochtana: 2023-02-12.
  4. Thug Ted Kennedy dúshlán Jimmy Carter i 1980 ach theip air, thug Ronald Reagan dúshlán Gerry Ford ach theip air, agus ansin theip ar Ford sa toghchán uachtaránachta agus thug Eugene McCarthy dúshlán Lyndon B Johnson i 1968
  5. 1 2 Máirín Ní Ghadhra (10 Feabhra 2023). "Níl aon éalú ón gceist mhór – aois an Uachtaráin Biden" (ga-IE). Tuairisc.ie. Dáta rochtana: 2023-02-12.
  6. "Donald Trump le hinsealbú mar an 47ú Uachtarán ar Stáit Aontaithe Mheiriceá" (ga-IE). Tuairisc.ie (2025-01-20). Dáta rochtana: 2025-01-20.
  7. "Donald Trump insealbhaithe mar Uachtarán na Stát Aontaithe" (as ga) (2025-01-20).
  8. "‘Cuirfear tús láithreach bonn le ré órga Mheiriceá’ – Donald Trump insealbhaithe mar uachtarán" (ga-IE). Tuairisc.ie (2025-01-20). Dáta rochtana: 2025-01-20.
Uimh Uachtarán Téarma in oifig Páirtí Leas-Uachtarán
1ImageGeorge Washington1789-1797gan pháirtí aonJohn Adams
2ImageJohn Adams1797-1801FeidearálachThomas Jefferson
3ImageThomas Jefferson1801-1809Daonlathach-PoblachtachAaron Burr agus George Clinton
4ImageJames Madison1809-1817Daonlathach-PoblachtachElbridge Gerry
5ImageJames Monroe1817-1825Daonlathach-PoblachtachDaniel D. Tompkins
6ImageJohn Quincy Adams1825-1829Daonlathach-PoblachtachJohn C. Calhoun
7ImageAndrew Jackson1829-1837DaonlathachJohn C. Calhoun agus Martin Van Buren
8ImageMartin Van Buren1837-1841DaonlathachRichard Mentor Johnson
9ImageWilliam Henry Harrison1841-1841FuigJohn Tyler
10ImageJohn Tyler1841-1845FuigNíl aon
11ImageJames Knox Polk1845-1849DaonlathachGeorge M. Dallas
12ImageZachary Taylor1849-1850FuigMillard Fillmore
13ImageMillard Fillmore1850-1853FuigNíl aon
14ImageFranklin Pierce1853-1857DaonlathachWilliam R. King
15ImageJames Buchanan1857-1861DaonlathachJohn C. Breckinridge
16ImageAbraham Lincoln1861-1865PoblachtachHannibal Hamlin agus Andrew Johnson
17ImageAndrew Johnson1865-1869DaonlathachNíl aon
18ImageUlysses S. Grant1869-1877PoblachtachSchuyler Colfax agus Henry Wilson
19ImageRutherford B. Hayes1877-1881PoblachtachWilliam A. Wheeler
20ImageJames A. Garfield1881-1881PoblachtachChester A. Arthur
21ImageChester A. Arthur1881-1885PoblachtachNíl aon
22ImageGrover Cleveland1885-1889DaonlathachThomas A. Hendricks
23ImageBenjamin Harrison1889-1893PoblachtachLevi P. Morton
24ImageGrover Cleveland1893-1897DaonlathachAdlai E. Stevenson
25ImageWilliam McKinley1897-1901PoblachtachGarret A. Hobart agus Theodore Roosevelt
26ImageTheodore Roosevelt1901-1909PoblachtachNíl aon ansin Charles W. Fairbanks
27ImageWilliam Howard Taft1909-1913PoblachtachJames S. Sherman
28ImageWoodrow Wilson1913-1921DaonlathachThomas R. Marshall
29ImageWarren G. Harding1921-1923PoblachtachCalvin Coolidge
30ImageCalvin Coolidge1923-1929PoblachtachNíl aon then Charles G. Dawes
31ImageHerbert Hoover1929-1933PoblachtachCharles Curtis
32ImageFranklin D. Roosevelt1933-1945DaonlathachJohn Nance Garner agus Henry A. Wallace agus Harry S. Truman
33ImageHarry S. Truman1945-1953DaonlathachNíl aon ansin Alben W. Barkley
34ImageDwight D. Eisenhower1953-1961PoblachtachRichard Nixon
35ImageJohn F. Kennedy1961-1963DaonlathachLyndon B. Johnson
36ImageLyndon B. Johnson1963-1969Daonlathachgan leasuachtarán, ansin Hubert H. Humphrey
37ImageRichard Nixon1969-1974PoblachtachSpiro Agnew, ansin gan leasuachtarán, ansin Gerald Ford
38ImageGerald Ford1974-1977PoblachtachGan leasuachtarán, ansin Nelson Rockefeller
39ImageJimmy Carter1977-1981DaonlathachWalter F. Mondale
40ImageRonald Reagan1981-1989PoblachtachGeorge H. W. Bush
41George H. W. Bush1989-1993PoblachtachJames Danforth Quayle III
42ImageBill Clinton1993-2001DaonlathachAlbert A. Gore, Jr.
43ImageGeorge W. Bush2001-2009PoblachtachRichard B. Cheney
44ImageBarack Obama2009-2017DaonlathachJoseph R. Biden
45ImageDonald Trump2017-2021PoblachtachMike Pence
46ImageJoseph R. Biden2021-2025DaonlathachKamala Harris
47ImageDonald Trump2025-PoblachtachJD Vance